Amadán Shliabh Gad - Diarmuid Mac Giolla Cheara
Bhuel, bhí amadán ar Shliabh Gad ina chónaí aigena athair. Agus ‘air a bhí, d’imigh sé ansin agus bhí sé ráite go rachadh sé a shuirí le níon an rí, a bhí ag (tnúth).
“Ó,” arsa siadsan, “goidé an mhaith duid choil a shuirí le níon an rí sin. Ní cha déan siad ach an ceann a bhaint (daod). Cha ngeobhadh duine ar bith níon an rí ach an té a bhainfeadh ‘Bréagach!’ aisti.”
Whew, tougher than Chinese!
D’imigh seisean agus fuaigh sé ann agus ‘air a fuaigh, d’imigh sé ansin agus thug an rí amach é agus (thaispeáin)[4] sé cruach fhéir dó. ‘Air a fuaigh, “An bhfaca tú a’n[5] chruach fhéir ariamh nas[6] mó ná í sin?”